ASG: Cruinniú Cinn Bliana 2016

Ag Cruinniú Cinn Bhliana Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ar an Satharn 16 Aibreáin i mBaile Átha Cliath, atoghadh na hoifigigh gan freasúra. Cathal Poirtéir a bheidh ina Chathaoirleach don bhliain atá chugainn, Éilís Ní Anluain ina Rúnaí agus Mícheál Ó hUanacháin ina Chisteoir.

Atoghadh Aodh Ó Domhnaill ar an gCoiste, agus níor chuir triúr de bhaill reatha an Choiste a n-ainmneacha chun cinn arís. Sin iad Antain Mac Lochlainn, Dairena Ní Chinnéide agus Gearóid Denvir. Toghadh Celia De Fréine, Mícheál Ó Ruairc agus Alan Titley ina n-áit.

D'fháiltigh an Cathaoirleach roimh na baill nua, agus ghaibh sé buíochas don triúr a d'imigh as an méid oibre a rinneadar i gcaitheamh na bliana.

D'aontaigh na hIontaobhaithe reatha, Áine Ní Ghlinn agus Proinsias Mac a' Bhaird, go bhfeidhmeoidis ar feadh bliana eile.