Sparánachtaí do Scríbhneoirí Gaeilge in Ionad Anam Cara

Tá sparánacht ar fáil do scríbhneoir Gaeilge seal seachtaine a chaitheamh i mbun oibre in Anam Cara, tearmann do scríbhneoirí agus ealaíontóirí atá lonnaithe ar leithinis Bhéarra in iarthar Chorcaí. Is mar chomhpháirtíocht idir Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus tearmann Anam Cara atá an deis iontach seo ar tairiscint, agus clúdófar costais iomlána lóistín agus béilí in Anam Cara.

Beidh an scríbhneoir a roghnófar in ann an tréimhse seachtaine a oirfidh dóibh féin agus don tearmann a shocrú. Beidh fáilte roimh iarratais ó scríbhneoirí atá lonnaithe i bPoblacht na hÉireann agus ar foilsíodh ar a laghad leabhar amháin próis nó filíochta leo as Gaeilge ag foilsitheoir aitheanta.

Iarratais:

Is ar ríomhphost amháin a ghlacfar le hiarratais agus iad le seoladh chuig director@writerscentre.ie

Ba chóir 'Anam Cara/IWC Bursaries' a bheith ar líne an ábhair.

Le seoladh:

- Litir ghairid dhátheangach (i nGaeilge agus i mBéarla) ina bhfuil do chuid sonraí pearsanta agus ráiteas gonta faoina bhfuil ar intinn agat mar shaothar ealaíne le linn an ama in Anam Cara.

- Curriculum Vitae atá chun dáta (i nGaeilge nó i mBéarla, dhá lch. A4 ar a mhéid) agus sonraí foilseachán agus ISBNs ann.

- Samplaí de do shaothar le tamall anuas agus iad marcáilte go soiléir (i nGaeilge, suas le trí shampla ar fad, agus uaslíon 300 focal iontu)

- Eolas eile a bhaineann leis an tionscadal: mar shampla, sleachta, grianghraif, nótaí taighde & rl (i nGaeilge nó i mBéarla)

- NÓTA: Bíodh na míreanna seo thuas cuimsithe in aon cheangaltán amháin, le do thoil. 

Spriocdháta

Is é 28 Feabhra 2017 ag 5pm an spriocdháta. Ní ghlacfar le haon iarratas ina dhiaidh sin. Cuirfear admháil ar rphost chuig gach iarratasóir.

Próiseas roghnúcháin

Cuirfear na hiarratais faoi bhráid choiste roghnúcháin a bheidh ionadaíoch ar Bhord Áras Scríbhneoirí na hÉireann agus ar Anam Cara.