Focail Eile - glaoch don Mhacadóin

Glao ar iarratais le haghaidh socrúchán cruthaitheach liteartha 8 seachtaine i samhradh 2017 sa Mhacadóin do scríbhneoirí Gaeilge.

Is é an spriocdháta le hiarratais a chur isteach 5 p.m. an 16 Feabhra 2017.

Is clár comhpháirtíochta é an tionscadal liteartha Focail Eile idir eagraíochtaí cultúrtha/teanga i réigiúin Eorpacha agus tá sé d’aidhm aige líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chruthú do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. Is iad na heagraíochtaí comhpháirtíochta:

  • Donostia Kultura agus San Sebastian 2016 (Tír na mBascach)
  • Foras na Gaeilge (Éire)
  • X-OP, malartán d’oibritheoirí agus de tháirgeoirí ealaíne (an tSlóivéin)
  • Fóram Óige na Mladi (an Mhacadóin)
  • Leeuwarde/Ljouwert 2018 (an Fhreaslainn).

Is iad cuspóirí an tionscadail:

  • Cuidiú an litríocht a scríobhtar i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh a chur in iúl níos faide i gcéin.
  • Béim a chur ar thábhacht na héagsúlachta teanga.
  • Solas a chaitheamh ar an bpróiseas cruthaitheachta liteartha.
  • Aird a tharraingt ar théamaí sóisialta, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le mionteangacha.
  • An comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí agus ealaíontóirí i litríocht i mionteangacha agus i dteangacha mionlaigh. 
  • Deis a thabhairt do scríbhneoirí tairbhe a bhaint as socrúchán liteartha le cuidiú leo forbairt ina ngairm liteartha.

Is iad codanna an tionscadail:

Socrúcháin: Seo croí an tionscadail, atá bunaithe ar mhalartú scríbhneoirí idir régiúin éagsúla. Cuirfidh gach réigiún rannpháirteach dhá scríbhneoir le socrúchán ocht seachtaine a chur isteach in dhá réigiún comhpháirtíochta i ngach ceann de na trí bliana, agus fáilteoidh gach réigiún chomh maith roimh dhá scríbhneoir gach bliain ó réigiúin chomhpháirtíochta. Beidh 10 scríbhneoir ar fad ag glacadh páirte gach bliain.

Tionscadail chruthaitheacha liteartha: Le linn na socrúchán beidh na scríbhneoirí ag obair ar ábhair a phléann le téamaí, saincheisteanna agus grúpaí sóisialta a bhaineann le teangacha neamhfhorleathana, a mbeidh de thoradh orthu téacs liteartha a phléann leis na hábhair seo, ag coinneáil i gcónaí teagmháil agus comhoibriú leis an bpobal óstach agus ag caitheamh solais ar an bpróiseas cruthaitheach. Le cuidiú seo a bhaint amach glacfaidh na scríbhneoirí páirt i sraith tionscnamh le linn na socrúchán.

Aistriúcháin: Mar a luadh tá ar cheann de chuspóirí an tionscadail litríocht a cheaptar i dteangacha mionlaigh nó i mionteangacha a chothú agus comhoibriú a chur chun cinn idir scríbhneoirí. Aistreofar na téacsanna go léir a chruthófar le linn na socrúchán go teangacha na gcomhpháirtithe agus go Béarla. Mar gheall ar seo beimid in ann “focail eile” agus “focail daoine eile” a chomhroinnt.

Suíomh Gréasáin: Foilseofar na saothair a chruthófar sa tionscadal Beste Hitzak/Focail Eile, agus an próiseas cruthaitheach féin, ar shuíomh saindeartha. Beidh an suíomh seo ina ardán le hábhar an tionscadail a scaipeadh.

Is mian linn gach scríbhneoir a spreagadh le freagairt ar ár nglao oscailte. Is deis iontach é seo saothar liteartha a chruthú agus eolas a chur ar an bhfíorshaol i réigiún eile. Mar a luadh cheana, cónóidh na scríbhneoirí roghnaithe i réigiún eile ar feadh ocht seachtaine, le costais uile íoctha. Gheobhaidh siad luach saothair chomh maith.

Beidh níos mó socrúchán agus imeachtaí ann amach anseo, a fhógrófar ag an am cuí.

Le haghaidh tuilleadh eolais: http://www.focaileile.ie/gae/blog/glaoch agus focaileile@forasnagaeilge.ie