Cuairt liteartha ar an tSlóivéin á tairiscint

An bhfuil fonn ort 2 mhí a chaitheamh ag scríobh agus ag cur aithne ar scríbhneoirí eile atá ag saothrú i mionteangacha de chuid na hEorpa? Táthar ag glacadh le hiarratais faoin scéim 'Focail Eile' le haghaidh tréimhse cónaitheachta 8 seachtaine sa tSlóivéin i bhfómhar 2016. Spriocdháta 1 Lúnasa 2016. Tuilleadh eolais: Orlagh Ní Raghallaigh focaileile@forasnagaeilge.ie