An drámaíocht i Lár an Aonaigh

I dTaibhdhearc na Gaillimhe, Dé Domhnaigh 18 Meán Fómhair (12.00-5.00pm), beidh drámaíocht na Gaeilge faoi chaibidil le linn ‘Lár an Aonaigh’, ócáid a bhfuil sé d’aidhm aici ‘drámaí láidre, fiúntacha a fhorbairt don stáitse’. Is é a deir Anne McCabe, Stiúrthóir Ealaíon na Taibhdheirce, ‘Seachas a bheith le caint amháin, seo do sheans cúpla radharc as do chuid drámaí a thabhairt leat.’

Iarrtar ar rannpháirtithe na hábhair seo a leanas a sheoladh chuig annemccabe@antaibhdhearc.com roimh 5 Meán Fómhair:

  • Leathanach eolais faoi théama agus faoi charachtair an dráma
  • Radharc nó dhó as an dráma féin (suas le 10 leathanach do gach ceann).

Beidh deis ag rannpháirtithe a gcuid drámaí a chur i láthair áisitheoirí na ceardlainne agus déanfaidh aisteoirí léamh stáitse ar mhíreanna as na drámaí.