Aighneacht ar son na n-ealaíon

Tá ár dtacaíocht uile tábhachtach don fheachtas seo: Maoiniú ceart a bheith á chur ar fáil d’Ealaíona, do Chultúr & d’Oidhreacht na hÉireann chomh maith le Roinn rialtais atá tiomnaithe do na cúraimí sin, agus na cúraimí sin amháin.

Ba mhór agam é dá gcuirfeá d’ainm féin leis an bhfeachtas freisin. Le gach ainm breise a chuirfear leis an bhfeachtas is é is treise a bheidh sé agus léireofar an líon ollmhór daoine atá taobh thiar de. Má léiríonn muid tábhacht na ceiste seo is é is mó seans go n-éireoidh linn an cás a athrú.

An mbeidh tusa sásta gníomhú san fheachtas seo freisin?

http://my.uplift.ie/petitions/restore-the-department-of-arts-culture-and-heritage-as-a-stand-alone-department

Tar éis duit féin an aighneacht seo a shíniú bheinn an-bhuíoch dá ndéanfá é a roinnt le daoine eile. Tá sé an-éasca – níl ort ach an ríomhphost seo a chur ar aghaidh chuig do theagmhálaithe.

Go raibh céad míle maith agat.

Le meas,

Máirín​

Máirín Nic Dhonnchadha

Leas-Stiúrthóir / Oifigeach Polasaí & Straitéise,

Oireachtas na Gaeilge