Príobháideachas agus Cosaint Sonraí

Déanann an polasaí príobháideachais seo cur síos ar an gcaoi a gcaitheann Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge (ASG) le haon eolas a thugann tú dúinn agus an suíomh seo (www.aontasnascribhneoiri.ie) in úsáid agat.

Cé na sonraí a bhailímid?

Bailímid sonraí úsáide áirithe le cabhair fianán agus an suíomh á bhrabhsáil ag duine. Ní cheadaíonn fianán rochtain ar bith dúinn ar do ríomhaire nó ar aon eolas fút, seachas an t-eolas a sholáthraíonn tusa dúinn. If féidir leat fianáin a cheadú nó a chosc tríd na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a chur i bhfeidhm.

Baineann ASG leas as fianáin le rogha teanga an úsáideora agus le sonraí a bhaineann le Google Analytics a stóráil. Úsáidimid Google Analytics chun eolas a thaifeadadh mar gheall ar cad as a dtagann ár gcuid úsáideoirí agus cad a dhéanann siad agus iad ar an suíomh. Bailíonn agus stórálann Google Analytics sonraí teicniúla faoin mbrabhsálaí agus faoin ríomhaire a úsáidtear chun cuairt a thabhairt ar an suíomh.

Bailímid sonraí freisin ó dhaoine atá cláraithe mar bhaill de chuid Aontas na Scríbhneoirí agus ó dhaoine atá cláraithe in Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge. Déantar cur síos ar bhailiú agus úsáid na sonraí seo i mír ar leith thíos.

Conas a úsáidimid na sonraí seo?

Úsáidimid na sonraí bailithe ag Google Analytics chun tuairiscí comhiomlánaithe a chruthú ar líon, suíomh agus gníomhaíocht ár n-úsáideoirí. Cuireann na tuairiscí seo bonn eolais faoinár bpleananna gnó agus forbartha don todhchaí. Ní sonraí pearsanta na sonraí seo, de réir shainmhíniú GDPR an AE, mar go n-úsáidimid anaithnidiú IP Google Analytics. Ní úsáidimid na sonraí seo le húsáideoirí aonair a aithint riamh.

Cá fhad a stórálaimid na sonraí seo?

Ós rud é go bhfuil na sonraí seo anaithnidithe, stórálaimid iad go deo. Ligeann seo dúinn forbairt ár mbonn úsáideoirí le himeacht ama a mheas.

Naisc chuig suímh eile

Is féidir le naisc chuig suímh idirlín ábhartha eile a bheith ar an suíomh seo. A luaithe agus a fhagann tú an suíomh seo, ní mór duit a thuiscint nach bhfuil na polasaithe a ghabhann leis an suíomh seo bailí a thuilleadh, áfach. Is ar na suímh nua sin atá an dualgas maidir le slándáil do chuid eolais. Ní mór duit aire a thabhairt mar aon le dul i gcomhairle leis na polasaithe príobhaideachais ar na suíomhanna nua sin.

Sonraí maidir le baill Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Stórálaimid sonraí áirithe a bhaineann le baill ASG go leictreonach ar an suíomh seo. Is iad na sonraí sin:

  1. Ainm an bhaill;
  2. Uimhir bhallraíochta ASG an bhaill;
  3. Seoladh ríomhphoist an bhaill, agus;
  4. An pasfhocal a úsáideann an ball chun rochtain a fháil ar chodanna áirithe de shuíomh ASG.

Stóráiltear pasfhocal an bhaill ar bhonn incriptithe de réir ardsocruithe slándála. Mar sin féin, moltar do chách dea-chleachtais a leanacht maidir le pasfhocail a chruthú agus a bhainistiú.

Má thugann ball le fios don Aontas go dteastaíonn ón duine sin go gcuirfear a bhallraíocht ar ceal deimhnímid go scriosfar gach sonra a bhaineann leis an duine ónár bhfreastalaí laistigh de 30 lá.

Sonraí in Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge

Tugtar cur síos ar an bpróiseas trínar bailíodh sonraí an Eolaire anseo. Tá sé de cheart ag aon duine a bhfuil iontráil acu san Eolaire an t-eolas atá san iontráil chuí a cheartú, a leasú nó a scriosadh ar fad. Sa chás gur mian leat leasú a chur i bhfeidhm iarrtar ort ríomhphost a sheoladh chugainn leis na sonraí cuí, le do thoil. Deimhnímid go gcuirfear an leasú i bhfeidhm go pras agus laistigh de thréimhse nach mbeidh níos faide ná 30 lá ón uair a iarrtar an leasú.

Teagmháil

Má tá aon cheist agat maidir leis an bpolasaí seo ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil linn.