Léim go dtí an príomhábhar
Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

  • Eolaire
  • Nuacht
  • Baill
  • Eolas
  • Acmhainní
  • Facebook
  • Ríomhphost

Acmhainní

  • Tithe cónaitheachta scríbhneoireachta
  • Éagsúlacht teanga i measc scríbhneoirí na Gaeilge
  • Táillí, sparánachtaí agus coimisiúin
  • Comórtais scríbhneoireachta Gaeilge
  • Comórtais scríbhneoireachta eile
  • Noda poiblíochta
  • Féilte, foilsitheoirí agus irisí

Táillí, sparánachtaí agus coimisiúin

Táillí do cheardlanna, léamha srl.

Rátaí de réir Words Ireland

An Chomhairle Ealaíon (26 Contae)

Ainm agus cuspóir: Dámhachtain Litríochta

Is é cuspóir na dámhachtana tacú le healaíontóirí gairmiúla a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Tugtar am agus acmhainní leis an dámhachtain d’ealaíontóirí smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go criticiúil lena gcleachtas ealaíne.

Luach: Uasmhéid €20,000

Eolas: https://www.artscouncil.ie/Funds/Damhachtain-Sparanachta-Litriochta-don-Ghaeilge/

An Chomhairle Ealaíon (6 Chontae)

Ainm agus cuspóir: Clár Tacaíochta don Ealaíontóir Aonair

Déantar roinnt scéimeanna a riar faoi scáth an Chláir Tacaíochta. Ina measc tá:

  • Dámhachtainí Ginearálta. Chun tionscadal faoi leith a chur i gcrích. Uasmhéid £1,500.
  • Scéim Forbairt Ghairmiúil. I gcomhair traenála agus meantóireachta. Uasmhéid £5,000.
  • Mórdhámhachtain d’Ealaíontóir Aonair. A thugann deis d’ealaíontóirí díriú ar shaothar a chur i gcrích. £15,000.
  • Dámhachtainí Taistil. Costais taistil ag brath ar an cheann scríbe.

Níl na scéimeanna teoranta do scríbhneoirí a chónaíonn sna 6 Chontae. Déantar iarratais a mheas ó scríbhneoirí 'who have made a contribution to artistic activities in Northern Ireland for a minimum period of one year within the last five years. ... The Arts Council also works with organisations in the Republic of Ireland to ensure opportunities for writers island-wide'.

Eolas: www.artscouncil-ni.org

Príobháideachas

© ASG 2025

Foras na Gaeilge
  • Facebook
  • Ríomhphost