Tugann na torthaí taighde thíos léargas ar shaol scríbhneoireachta na Gaeilge sa lá atá inniu ann. Is iad na sonraí in Eolaire na Scríbhneoirí Gaeilge bonn eolais na hanailíse. Taispeántar líon na scríbhneoirí a cuireadh san áireamh i ngach réimse anailíse (an sampla) de réir na sonraí a bhí ar fáil. Is féidir an luchóg a chur os cionn fhormhór na gcairteacha ar an leathanach, nó iad a bhrú más scáileán tadhaill atá in úsáid agat, chun breis sonraí a fheiceáil. Féach tuilleadh eolais anseo.

Aire: Is fearr an t-eispéireas úsáide a bheidh agat i dtaca le cuid de na cairteacha ar an leathanach seo ach iad a bhreithniú ar scáileán níos mó.

Líon

Sampla: 605
605
1. Líon iomlán na scríbhneoirí comhaimseartha Gaeilge ar foilsíodh leabhar leo nó ar léiríodh dráma nó script dá gcuid

Inscne

Sampla: 605
2. Scríbhneoirí Gaeilge de réir inscne

Próifíl aoise

Sampla: 161
3. Scríbhneoirí de réir aoisghrúpaí

Áit ar tógadh

Sampla: 491
4a. Léarscáil tíortha (gorm), contaetha (buí) agus cathracha (uaine) ar tógadh scríbhneoirí Gaeilge iontu. Cliceáiltear ar na bioráin chun tuilleadh eolais a fheiceáil. Sonraí geografacha agus logainmníochta a bhuí le GeoNames agus logainm.ie.
4b. Scríbhneoirí a tógadh/nár tógadh i gceantar Gaeltachta
4c. Scríbhneoirí a tógadh/nár tógadh i gcathair

Áit chónaithe

Sampla: 416
5a. Léarscáil tíortha (gorm), contaetha (buí) agus cathracha (uaine) a bhfuil scríbhneoirí Gaeilge ina gcónaí iontu. Cliceáiltear ar na bioráin chun tuilleadh eolais a fheiceáil. Sonraí geografacha agus logainmníochta a bhuí le GeoNames agus logainm.ie.
5b. Scríbhneoirí a bhfuil/nach bhfuil cónaí orthu i gceantar Gaeltachta
5c. Scríbhneoirí a bhfuil/nach bhfuil cónaí orthu i gcathair

Foinsí Gaeilge

Sampla: 283
6. Scríbhneoirí de réir na n-áiteanna a bhfuair siad a gcuid Gaeilge. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná foinse amháin.

Seánraí

Sampla: 594
7a. Scríbhneoirí de réir seánraí scríbhneoireachta. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná seánra amháin.

7b. Dáileadh inscne scríbhneoirí de réir seánraí scríbhneoireachta. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná seánra amháin.

Seánraí mionsonraithe

Sampla: 436
8. Scríbhneoirí de réir seánraí scríbhneoireachta mionsonraithe. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná seánra amháin.

Foilsitheoirí

Sampla: 430
9a. Scríbhneoirí de réir foilsitheoirí. Ní thaispeántar ach foilsitheoirí a bhfuil saothair le cúigear scríbhneoirí nó níos mó luaite leo. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná foilsitheoir amháin.

9b. Dáileadh inscne scríbhneoirí de réir foilsitheoirí. Ní thaispeántar ach foilsitheoirí a bhfuil saothair le cúigear scríbhneoirí nó níos mó luaite leo. Tugtar faoi deara gur féidir le scríbhneoir a bheith luaite le níos mó ná foilsitheoir amháin.