Ceardlann scríbhneoireachta, Trá Lí

Ceardlann scríbhneoireachta Gaeilge

san Óstán Meadowlands, Trá Lí

Aoine & Satharn, 17-18 Bealtaine 2024

 

Cur chuige: Ar mhaithe le plé níos fearr ar shaothair a chéile, beidh líon na gceardlannóirí teoranta do 12 ar a mhéid. Is cóir na saothair atá le plé (4 dhán, nó 2,000 focal de ghearrscéal, úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) a sheoladh go dtí: padraigmacfhearghusa@gmail.comi dtreo gur féidir na saothair a chur thart ar na rannpháirtithe, iad a bheith léite roimh ré acu, agus níos mó ama a bheith ar fáil le linn na ceardlainne chun tuairimí a mhalartú ina dtaobh. • Iarraimid oraibh 9 gcóip de bhur saothair a bhreith libh chun an obair a éascú.

Aoine 17 Bealtaine

6.30 p.m. Cur in aithne agus seisiún ceardlainne.

7.30 p.m. Béile le chéile ag baill na ceardlainne.

9.00 p.m. Ceol & filíocht i gcomhar le Pop-Up Gaeltacht Thrá Lí.

Satharn, 18 Bealtaine

10.30 a.m. Tús pras agus dian-seisiún ceardlannaíochta. • Cathaoirleach: Feidhmeoidh Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí, gearrscéalaí agus file aitheanta mar chathaoirleach ar an lá chun stiúir a choimeád orainn.

Léamh & plé: Comhluadar scríbhneoireachta agus díospóireachta ár ngnó: léifidh na scríbhneoirí giotaí samplacha dá saothair féin ar feadh 10 neomat agus pléifear an saothar lena gcomhscríbhneoirí dá éis ar feadh 15 neomat nó mar sin.

Táille. Gearrfar táille ainmniúil 10 euro ar an gceardlann. (Dinnéar agus lóistín na hAoine, agus lón an tSathairn saor in aisce).

1.00 p.m. – 2.00 p.m. Beidh lón ag na rannpháirtithe le chéile i mbeár an óstáin ag 1.00 p.m. Is féidir sos gearr siúlóide faoin aer a thógaint dá éis.

2.00 p.m. Luífear isteach ar an obair arís ag a 2.00 p.m.

4.30 p.m. Réamhphlé ar sheisiún an Fhómhair, cupán caife/tae & Scaradh na gCompánach. Ós ní é go mbeidh aithne curtha ag na baill ar a chéile agus ríomhphoist acu, níl a bhac orthu mionphlé a dhéanamh ar shaothar a chéile lasmuigh de sheisiúin na gceardlanna chomh maith.

Beir bua, Pádraig Mac Fhearghusa, eagraí.          


padraigmacfhearghusa@gmail.com & 087 2901154

Ba mhaith go gcláródh rannpháirtithe go luath chun go gcuirfí L&B in áirithe dóibh.

Le tacaíocht ó Chlár na Leabhar Gaeilge, Foras na Gaeilge