Deis oibre le hAontas na Scríbhneoirí

Na cúraimí oibre ag an mbainisteoir sealadach

  • Obair phoiblíochta agus earcaíochta don Aontas ar na meáin shóisialta agus ar na meáin chraolta;
  • Postáil nuachta agus uasdátú eile ar an suíomh www.aontasnascribhneoiri.ie;
  • Uasdátú ar shonraí Eolaire na Scríbhneoirí ar an suíomh agus obair phoiblíochta ar na hacmhainní ann;
  • Ócáidí plé ar cheisteanna litríochta a eagrú ar líne do na baill;
  • Cabhrú le fógraí faoi dheiseanna agus imeachtaí do scríbhneoirí a scaipeadh ar na baill;
  • Cúraimí beaga riaracháin a aontófar leis an gcoiste ó am go ham.

Na cáilíochtaí 

  • Eolas ar shaol liteartha agus cultúrtha na Gaeilge in Éirinn agus thar lear;
  • Gaeilge labhartha agus scríofa atá cruinn, líofa;
  • Scileanna láidre cumarsáide ar bhonn idirphearsanta, scríofa agus sna meáin shóisialta;
  • Bheadh taithí oibre inmhianaithe in eagras cultúir, cumarsáide nó riaracháin;

Maoiniú agus táille

Beidh an bainisteoir ag obair ar bhonn féinfhostaithe, faoi réir na socruithe cánach a ghabhann leis sin. Le cúnamh maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, déanfar íocaíochtaí ar bhonn sonraisc mhíosúil ar €3,000 sa mhí ó Mheán Fómhair go Samhain 2023.

Spriocdháta agus próiseas roghnúcháin

Spriocdháta na n-iarratas ná Dé hAoine 21 Iúil ag 6.00i.n. Cuir CV agus litir iarratais as Gaeilge chuig eolas@aontasnascribhneoiri.ie. Tá sé i gceist agallaimh a chur ar siúl ar Zoom roimh dheireadh mhí Iúil.