Imeachtaí ag an Oireachtas

Is ag 09.30 Dé Sathairn 05 Samhain a bheidh Mór-Chruinniú an Aontais, i Seomra Inis Faithleann, Óstán Ghleann Iolair, Cill Áirne

Tabharfaidh an tOllamh Gearóid Denvir caint faoin teideal "An peann is a bhfuil ann"

Beidh cead labhartha ag cách tar éis na cainte, agus beidh tae is caife ar fáil.

Tabharfar tuairisc freisin ar thograí reatha an Aontais

Is féidir clárú san Aontas nó síntiús 2016 a íoc ag an gCruinniú seo!

Beidh imeachtaí eile sa seomra céanna an lá sin ar mór a spéis do scríbhneoirí:

Ag 12 Meán Lae beidh Cló Iar-Chonnacht i mbun Taispeántas Leabhar a leanfaidh go 18.00, agus lena linn sin beidh léamh próis ag 16.00, a mbeidh Joe Steve Ó Neachtain, Micheál Ó Ruairc agus Pádraic Breathnach páirteach ann.

Ag 13.00 sa seomra céanna, tionólfar Cúirt Fhilíochta an Oireachtais. Fáilte roimh chách, ach teagbháil a dhéanamh le Proinsias Mac a' Bhaird (pmacabhaird@gmail.com).