BBC ag cuartú claracha nua do 2017

Ba mhaith le BBC NI, i gcomhar leis an CCG, cuireadh a thabhairt do chomhlachtaí neamhspleácha moltaí a chur faoinár mbráid sna réimsí clár seo a leanas. Is comhlachtaí neamhspleácha lonnaithe i dTuaisceart Éireann a léireoidh na cláir seo agus déanfaidh an CCG agus BBC NI comh-mhaoiniú orthu.

SCANNÁN FAISNÉISE FÍORASACH 60'

Cuireann an babhta coimisiúnaithe seo deis ar fáil do léiritheoirí cur leis an phunann láidir scannán faisnéise Gaeilge 60’ atá le craoladh oícheanta Domhnaigh ag 2200 ar BBC 2 NI. Bhí dúil ag an lucht féachana i scannáin faisnéise a dhéanann athscrúdú ar eachtraí stairiúla ar dhóigh nua-aimseartha amhail Mary McAleese & An Chéad Eorpach, Eoin Mac Néill – Fear Dearmadta 1916, Faoi Gheall ag Éirinn agus Cú Chulainn: Laoch Uladh. Tá deis sa bhabhta coimisiúnaithe seo le scannáin faisnéise eile den chineál chéanna a phlé agus a mholadh, ach cuirfear fáilte roimh scannáin a bhfuil téamaí agus scéalaíocht níos comhaimseartha acu ach go háirithe sa bhabhta seo.

Buiséad: Suas le £75,000 sa chlár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra). 

CLÁIR AONAIR / SRAITHEANNA DE SCANNÁIN FHAISNÉISE 30’

Is é an tosaíocht ná punann de chláir aonair nó de shraitheanna 30’ a chruthú thar réimse seánraí agus topaicí. Ba chóir do léiritheoirí moltaí a chur isteach ar ábhair agus ar thopaicí a mbeidh spéis ag an oiread daoine agus is féidir iontu, cláir a bheas ábhartha don lucht féachana is leithne agus is féidir. Ba chóir go léireodh na smaointe seo gnéithe éagsúla de shaol ár linne i dTuaisceart Éireann agus in áiteanna eile: idir na gnáthghnéithe, na gnéithe neamhchoitianta agus na gnéithe a chuirfidh iontas ar dhaoine. Mar sin de, níor chóir go mbeadh moltaí ag brath ar chomhthéacsanna agus ar eachtraí stairiúla leis an scéal a insint. Táthar ag dúil leis an inneachar nua-choimisiúnaithe a sceidealú i bhfómhar / i ngeimhreadh 2017. Tá an sliotán ama rialta craolacháin do chláir 30’ go fóill ag 2200 oíche Luain ar BBC Two NI. Tá deiseanna ann go háirithe le scannáin faisnéise aonair 30’ a chóimisiúnú, déanta ag scannánóirí oilte, scannáin a insíonn scéalta faoi na rudaí atá thart timpeall orthu ina saol féin. Déanfaidh na scannáin seo saol na linne sa cheantar áitiúil a fhiosrú agus a léiriú, gach cineál, foirm, duine agus áit dá bhfuil ann. Cuirfidh siad peirspictíochtaí nua ar fáil agus tabharfaidh siad dúshlán na seandearcthaí maidir leis an tsaol i dTuaisceart Éireann inniu. Is fíordhaoine agus fíoreispéiris atá i gcroílár na scannán seo. Is scéalta daonna iad, scéalta a mbeidh croí an lucht féachana iontu; beidh muid corraithe, beidh muid ag gáire, beidh muid ag caoineadh agus beidh muid ag smaoineamh. Is é láidreacht na scannán seo ná go mbeidh siad ábalta mothúcháin a spreagadh do ghnáthdhaoine a bhfuil scéal uathúil le hinsint acu. Stíl chomhaimseartha, téamaí uilíocha, ceisteanna a spreagann smaointe, díospóireacht agus inspioráid agus a nochtann fírinne a bhí faoi cheilt, is iad sin na príomhghnéithe a bhaineann le scannán den chineál seo a chruthú. Mar phointe tagartha, smaoinigh ar na scannáin a coimisiúnaíodh agus a léiríodh don dual ‘True North’ de chuid BBC NI. Ar na scannáin faisnéise aonair agus na sraitheanna a coimisiúnaíodh roimhe seo, tá Múinteoirí, Píobairí Ard Mhacha, Taobh Thiar den Gheansaí, Tóchair an tSaoil.

Buiséad: Suas le £35,000 an clár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra)

SRAITH SHIAMSAÍOCHT FHÍORASACH

Sraith stíl bheatha agus siamsaíocht fhíriciúil, ar chóir dó bheith bríomhar agus ar chóir dó lucht féachana dílis a chinntiú, atá sásta amharc ar an chlár seachtain i ndiaidh seachtaine. Is é ab fhearr linn sa bhabhta coimisiúnaithe seo, ná sraitheanna ina mbíonn daoine rannpháirteach i rudaí, ag obair le rudaí a chur i gcrích agus ag baint triail as rudaí nua, in áit fiosrúcháin atá stiúrtha ag láithreoir. I measc na sraitheanna a coimisiúnaíodh roimhe seo, tá Ar Scáth na Sléibhte, Ar Bhealach na Gaeltachta, Ar Mo Bhealach Féin. Topaicí le tabhairt san áireamh: taisteal, spórt, saol an dúlra, eolaíocht, na healaíona, caitheamh aimsire. Tá muid ar lorg formáidí, aghaidheanna agus smaointe úra.

Buiséad: Suas le £35,000 sa chlár (lena n-áirítear forchostais neamh-inranníoctha an chraoltóra) 

Eolas Breise ANSEO.